Fógra # 7 – 05/06/2015 – Eolas faoin t-Ordú Ceannaigh Éigeantaigh agus Íocaíocht Táillí

Eagróidh An Bord Pleanála (ABP) Éisteacht Ó Bhéal chomh luath is atá an t-Ordú Ceannaigh Éigeantaigh (OCE) agus an Ráiteas Tionchar Timpeallachta a théann leis foilsithe. Déanfaidh ABP athbhreithniú ar na haighneachtaí go léir, stiúiriú ar an Éisteacht Ó Bhéal agus breithniú ar an iarratas pleanála. Beidh an t-OCE daingnithe má tá ABP i bhfabhar an scéim agus muna bhfuil aon agóid in aghaidh an cinnidh. Seirbheálfar Fógra chun Déileála ar gach úinéir talún lastigh de 18 mí de dheimhniú an t-OCE. Is i ndiaidh seirbheáladh an Fógra chun Déileála ar úinéir talún  go féidir le húinéir talún éileamh a dhéanamh le haghaidh costais dlíodóir, costais luachálaí agus costais eile proifisiúnta atá comhaontaithe ag an túdarás áitiúil. Níl costaisí a thabhaigh úinéir talún ó roimh deimhniú an t-OCE in-aisghabhála.