Céim 4

Tá an scéim faoi láthair ag Céim 4. Cuireadh cóip den Tuarascáil um Measúnú Tionchair Timpeallachta agus Ráiteas Tionchair Natura isteach chuig an mBord Pleanála ar an 23 Deireadh Fómhair 2018 agus cuireadh an Scéim an Mhótarbhealaigh agus an Scéim Bóthar Cosanta isteach ar an 26 Deireadh Fómhair 2018.

Tá cóip den Tuarascáil MTT agus Ráiteas Tionchair Natura (NIS) do CCNG an N6 ar fáil le breathnú orthu ag na suíomhanna seo a leanas:
Oifig Tionscadail Bóithre Náisiúnta na Gaillimhe (Comhairle Chontae na Gaillimhe), Teach Bardais, Pháirc Gnó Oirthear na Cathrach, Baile an Bhriotaigh, Gaillimh 

Tá na cáipéisí ar fáil le breathnú orthu nó lena n-íoslódáil chomh maith ar www.N6GalwayCityRingRoad.ie.

I ndiaidh an éisteacht ó bhéal a thionól ní mór don Bhord Pleanála an tuarascáil agus moltaí ar bith ón gCigire a bheidh an éisteacht ó bhéal á tionól aige a bhreithniú. Féadfaidh an Bord Pleanála Scéim Chuarbhóthar N6 Chathair na Gaillimhe nó cuid ar bith di a cheadú faoi Alt 51 d’Acht na mBóithre 1993 arna leasú, le coinníollacha nó le mionathruithe nó gan coinníollacha nó gan mionathruithe nó féadfaidh sé diúltú do chead a thabhairt i leith na forbartha sin nó i leith cuid di.Is féidir aighneachtaí foirmiúla i scríbhinn a dhéanamh chuig An Bord Pleaála suas go dtí an 21 Nollaig 2018. Tae éis é sin, ní mór don Bhord Pleanála an Tuarascáil MTT, an NIS agus aighneachtaí ar bith a dhéanfar a bhreithniú sula ndéanfar cinneadh ar cibé cead a thabhairt nó gan cead a thabhairt i leith CCNG an N6. Féadfaidh an Bord Pleanála éisteacht ó bhéal a sheoladh agus/nó féadfar eolas breise a iarraidh mar chuid de na próisis reachtúla.

Faoi réir cead ón mBord Pleanála agus infhaighteacht an mhaoinithe agus gan dúshláin dhlíthiúla ar bith, rachaidh an fhorbairt bóthair atá beartaithe ar aghaidh ansin go ceannach talún, dearadh mionsonraithe, soláthar conraitheora agus ar deireadh an chéim tógála. D’fhéadfadh sé go mbeadh líon conarthaí i gceist leis an tógáil roimh an bpríomhchonradh tógála don fhorbairt bóthair atá beartaithe, amhail atreorú seirbhísí atá ann, imscrúduithe láithreán, imscrúduithe seandálaíochta, glan láithreán agus fálú. Tá sé measta go mairfidh an príomhchonradh tógála 3 bliana.

Sreabhchairt Tionscadail
EIAR Sreabhchairt