Tionscadal Iompair Chathair na Gaillimhe an N6

Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Bonneagar Iompair Éireann (an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta roimhe seo)[1]agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair ag obair i gcomhar chun fís ó thaobh iompair a fhorbairt do Ghaillimh ina mbeidh gach gné de chúrsaí iompair ag obair as lámh a chéile chun réiteach inbhuanaithe agus lánpháirtithe a fháil. Aithnítear sa bhfís sin gur acmhainn thábhachtach luachmhar i Réigiún an Iarthair í an timpeallacht oidhreachta nádúrtha agus go bhfuil éagsúlacht mhór speiceas agus gnáthóg ann a bhfuil tábhacht áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta leo ach ag an am céanna tuigtear nach mór naisc chumarsáide éifeachtacha a bhunú lena chinntiú go mbeidh rath ar an réigiún agus chun malairt a chur ar fáil ar chonair an chósta thoir. Tá Cathair na Gaillimhe agus an ceantar máguaird a chur ag obair agus ag feidhmiú ar bhealach inbhuanaithe ina chuid thábhachtach den fhís seo.

Bíonn fadhbanna móra iompair i gCathair na Gaillimhe, mar:IMG_7166

  • Brú mór tráchta le linn buaicuaire agus neamhchinnteacht maidir leis an achar a ghlacann turas;
  • Brath an iomarca ar charranna príobháideacha;
  • Easpa bealaí iompair malartacha; agus
  • Easpa áite ar bhóithre chun Iompar Poiblí agus Soghluaisteacht Chliste a fhorbairt.

Áirítear sa bhfís iompair atá á forbairt chun dul i ngleic leis na fadhbanna sin Soghluaisteacht Chliste, Iompar Poiblí agus Trasbhealach nua ar Abhainn na Gaillimhe.

Tá sé socraithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe go dteastaíonn faoiseamh ó bhrú tráchta chun soghluaisteacht chliste agus bearta iompair phoiblí a chur i bhfeidhm. Léiríonn staidéir roimhe seo nach féidir sin a dhéanamh gan droichead eile a dhéanamh trasna Abhainn na Gaillimhe.

Tá sé deimhnithe ag Tionscadal Iompair Chathair na Gaillimhe an N6 go bhfuil an trasbhealach sin indéanta agus tá áit is fearr aitheanta don trasbhealach.

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe i gcomhpháirtíocht leis an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA) ag tabhairt faoi phróiseas chun na moltaí iompair don chathair a athbhreithniú agus a thabhairt le chéile d’fhonn ‘straitéis iompair’ comhleanúnach agus lánpháirtithe a chur i dtoll a chéile – ‘Clár Bainistíochta Lánpháirtithe Iompair do Ghaillimh’. Leagfar amach sa chlár na bearta soghluaisteachta cliste, iompair poiblí agus bonneagair atá de dhíth chomh maith le deiseanna  pleanála agus iarratais mhaoinithe.

Beidh an Clár Bainistíochta Lánpháirtithe Iompair do Ghaillimh mar lón eolais i dtaobh mar a chuideoidh an droichead nua ar Abhainn na Gaillimhe agus Tionscadal Iompair Chathair na Gaillimhe an N6 chun réiteach iompair lánpháirtithe a fhorbairt do Ghaillimh. Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe le tacaíocht ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ó Bhonneagar Iompair Éireann tiomanta an chonair seo, inar féidir bonneagar nua bóithre a fheidhmiú, a shníomh leis an bpacáiste bearta a thiocfaidh chun cinn ó na tionscadail soghluaisteachta cliste agus iompair poiblí chun réiteach críochnaitheach inbhuanaithe agus indéanta a chur ar fáil.

Gné thábhachtach de Thionscadal Iompair Chathair na Gaillimhe an N6 is ea go mbeadh a laghad tionchar agus is féidir aige ar an timpeallacht nádúrtha agus thógtha.    Tá Cathair na Gaillimhe suite ar Abhainn na Gaillimhe idir Loch Coirib agus Cuan na Gaillimhe. Is teorainn nádúrtha é Loch Coirib idir iarthar agus oirthear Chontae na Gaillimhe agus níl ach 4km ó Loch Coirib go Cuan na Gaillimhe. Laistigh de sin tá Cathair na Gaillimhe atá i gcroílár Chontae na Gaillimhe. Chomh maith le bheith ina háit álainn ina bhfuil taitneamhachtaí nádúrtha den scoth, tá an chathair lonnaithe i lár ceantar atá saibhir le hoidhreacht nádúrtha agus le gnáthóga nádúrtha. Dá bharr, tá go leor ceantar timpeall Chathair na Gaillimhe ainmnithe mar cheantair a bhfuil tábhacht mhór éiceolaíochta leo.

De bharr leagan amach fisiceach na cathrach, áit teoranta a bheith idir an loch agus an cuan, pobail fadbhunaithe a bheith ann, chomh maith le saoráidí oideachais agus tráchtála, láithreáin ainmnithe Natura 2000 agus Limistéir Náisiúnta Oidhreachta agus láithreáin a bhfuil tábhacht ailtireachta, seandálaíochta agus cultúir leo, tá srianta ann i dtaobh bonneagar nua a fhorbairt don chathair.  Dá bhrí sin ní mór díriú ar an tábhacht atá le gach rogha a bhreithniú  d’fhonn an tionchar ar na láithreáin ainmnithe sin a laghdú.

Cinneadh i gCéim 1: Coincheap na Scéime agus Staidéar Féidearthachta go raibh gá le réiteach iompair a fhorbairt agus an tairbhe a bheadh leis. Le linn Chéim 2 – Céim Roghnaithe Bealaigh – aithníodh ceantar oiriúnach staidéir inar aithníodh na príomhshrianta, inar scrúdaíodh na roghanna agus inar forbraíodh réitigh féideartha. Tugadh faoi mheasúnú córasach ar na roghanna seo agus mar thoradh air sin roghnaíodh an chonair bhealaigh is fearr dealraithí a roghnófaí don ghné bóthair den fhís iompair i dTionscadal Iompair Chathair na Gaillimhe an N6.Foilsíodh an Chonair Bhealaigh is Fearr is Dealraithí a Roghnófar i mBealtaine 2015.

Tá an scéim faoi láthair ag Céim 3 – Dearadh agus ag Céim 4 EIS/EAR agus na Próisis Reachtúla.  Tá an dá chéim seo ar bun ag an am céanna. Is é cuspóir Chéim 3 – Dearadh nuair a bheidh an Chonair Bhealaigh Is Fearr roghnaithe dearadh na scéime a fhorbairt chuig céim ina bhfuil mionsonraí leordhóthanacha ar fáil chun riachtanais talún a chinneadh agus an scéim a thabhairt ar aghaidh tríd na próisis reachtúla.

Is é Cuspóir Chéim 4 EIS/EAR agus na bPróisis Reachtúla ná measúnú comhshaoil a thabhairt chun críche ar an dearadh a fhorbraítear i gCéim 3, tionchair ionchasacha a bheadh ag an bhforbairt bheartaithe ar an timpeallacht a aithint agus bearta maolaitheacha a bheadh de dhíth a shocrú. Tabharfar an cháipéisíocht dlí chun talamh a fháil chun críche mar chuid den chéim seo freisin chomh maith leis na próisis reachtúla a bheidh de dhíth lena dheimhniú go bhfuil an scéim bheartaithe ag teacht le reachtaíocht pleanála agus comhshaoil agus ceanglais nós imeachta.

[1] Tá an t-ordú chun an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta (NRA) agus an Ghíomhaireacht um Fháil Iarnróid (RPA) a chomhnascadh sínithe ag an Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt lena mbunófar eintiteas nua dar teideal Bonneagar Iompair Éireann (TII).  Bonneagar Iompair Éireann (TII) atá ar an Údarás um Bóithre Náisiúnta ó 1ú Lúnasa 2015.