Céim 1

Críochnaigh Arup an chéad chéim don thionscadal i 2014. Is é cuspóir an chéim seo ná chun an gá don scéim sa chéad áit a athaint. Cé go mbeidh tionchar ag beartas rialtais agus beartas pleanála reatha ar riachtanais an scéim, tá gá le na fadhbanna atá ann anois a shainmhiniú tríd úsáid a bhaint as eochairtháscaire feidhmíochta inchainníochtaithe, mar shampla anailís bunaithe ar fhianaise a dhéanamh ar shaincheisteanna iompar. Beidh athmheasúnú déanta ar na eochairtháscaire feidhmíochta i rith na céimeanna eile don thionscadal chun measúnú a dhéanamh ar chumas na réitigh féideartha ar na bhfadhbanna a rinneadh shainmhíniú orthu ag tús an tionscadal.

Chomh maith le measúnú a dhéanamh ar an riachtanas le haghaidh scéim ar leith, déantar measúnú ar chumas na scéime comhtháthú a dhéanamh le coras iompair poiblí agus/nó le modhanna iompar eile. Déantar scrúdú ar modhanna eile iompar agus/nó ar modhanna iompar nach bhfuil bainte le bóthar.

Ullmhaítear mionteagasc tionscadal chun achoimre a dhéanamh ar chuspóirí agus aschuir beartaithe na scéime atá bainte le na torthaí príomh fheidhmeanna agus oibriúcháin. Déantar nuashonrú ar an mionteagasc tionscadal ag gach céim don thionscadal.