Staidéar ar Shriantachtaí

Sa Staidéar ar Shriantachtaí, déileáiltear leis na sriantachtaí go léir a ghabhann leis an scéim atá beartaithe, lena n-áirítear daoine, seandálaíocht agus oidhreacht chultúir, agranamaíocht, tírdhreach agus amharc-ghnéithe, hidreolaíocht, éiceolaíocht, geolaíocht, sócmhainní ábhartha, beartas pleanála, torann, aer agus aeráid.

Iúil 2014 – Comhairliúchán Poiblí Uimh. 1 – Staidéar ar Shriantachtaí

Úsáidtear comhairliúcháin phoiblí chun an pobal a chur ar an eolas faoi na staidéir atá déanta againn go dtí seo agus chun éisteacht a thabhairt dá gcuid tuairimí. Mhair Comhairliúchán Poiblí 1 2 lá, ar an 14 Iúil 2014 in Óstán Westwood agus ar an 15 Iúil 2014 in Óstán Pillo. Is féidir breathnú ar na doiciméid a bhí ar taispeáint le linn Chomhairliúchán Poiblí Uimh. 1 trí chliceáil ar na naisc thíos.

Póstaer Uimhir 1 Fáilte

Póstaer Uimhir 2 An bhfuil fadhb ann?

Póstaer Uimhir 3 Cad iad na saincheisteanna iompair?

Léarscáil Theicniúil a léiríonn Sriantachtaí Innealtóireachta, GAS, BSL agus Cultúir Oidhreachta Bileog 1 de 1

Léarscáil Theicniúil a léiríonn Sriantachtaí Tírdhreacha & Agranamaíochta

Léarscáil Theicniúil a léiríonn Sriantachtaí Socheacnamaíocha, Torainn, Geolaíochta, Hidreolaíochta

Léarscáil Theicniúil a léiríonn Sriantachtaí Éiceolaíochta

Póstaer Uimhir 4 Treoir maidir le Gnáthóga Airteagal 6

Léarscáil Theicniúil a léiríonn Sriantachtaí Éiceolaíochta – Léarscáiliú Gnáthóg cSAC Loch Coirib

Póstaer Uimhir 5 – Na Chéad Chéimeanna Eile

Bileog Eolais 2 leathanach

Do Chuid Tuairimí a Chur in iúl

Is mór againn do chuid tuairimí a chloisteáil mar gur féidir tuilleadh sriantachtaí a shainaithint ón aiseolas sin agus beidh na tuairimí sin ina gcabhair nuair atá forbairt á déanamh againn ar na roghanna a bheidh ann.  Cuir do chuid tuairimí ar fáil ar an bhfoirm seo a leanas, le do thoil, agus cuir ar ais iad ar ríomhphost nó ar an ngnáthphost chuig an oifig tionscadail faoin 31 Lúnasa 2014

Bileoga Tuairimí

Cad é an chéad chéim eile?

Ag deireadh chomhairliúchán poiblí Uimh. 1 i ndáil leis an Staidéar ar Shriantachtaí, déanfar na ceistneoirí a gheofar ó dhaoine den phobal a phróiseáil agus déanfar na sonraí nua go léir maidir le sriantachtaí a chur san áireamh sa staidéar ar shriantachtaí. Forbrófar roghanna a oirfidh do na sriantachtaí. Beidh tuilleadh comhairliúcháin ann chun na roghanna go léir a fhorbrófar a chur ar taispeáint